Máirtín Tom Sheáinín a chuir glao orm lá amháin i mí na Bealtaine, 2019, do mo bheannú, agus an lá dár gcionn bhí mé ag caint arís leis ar mo ghuthán soghluaiste, go beo ar a chlár, agus mé ag obair ar an bhfeirm.
Bhí sé blianta fada roimhe sin ó bhí comhrá ar bith agam i nGaeilge, soiléir le cloisteáil ar mo chaint stadach, mheirgeach, ag tóraíocht na bhfocal i rith an agallaimh, mo léan.
An dtuigtear go maith sinn ag caint?